Beir beannacht óm
chroí go tír na hEireann, |
bán chnoic Éireann
Ó; |
chun a maireann do
shíolradh Ír is Éibhir |
ar bhán chnoic
Éireann Ó; |
an áit úd 'narbh
aoibhinn binn-ghuth éan |
mar shámhchruit
chaoin ag caoineadh Gael- |
'se mo chás a
bheith míle míle i gcéin |
ó bhán chnoic
Éireann Ó. |
|
Bíonn barra bog
slím ar chaoin-chnoic Éireann- |
bán chnoic Éireann
Ó; |
's is fearra ná 'n
tír seo díth gach sléibhe ann, |
bán chnoic Éireann
Ó; |
dob árd a coillte 's
ba dhíreach réidh, |
's a mbláth mar aol
ar mhaoilinn géag - |
tá grá agem chroí
im intinn féin |
do bhán chnoic
Éireann Ó. |
|
Tá gasra líonmhar i
dtír na hÉireann, |
bán chnoic Éireann
Ó; |
is fearachoin ghroí
na cloífeadh céadta |
ar bhán chnoic
Éireann Ó; |
m'atuirse croí is
mo cuimhne scéal, |
iad a Galla-phoic
síos fá ghreim, mo léan! |
's a mbailte dá
roinn fá chíos go daor, |
ar bhán chnoic
Éireann Ó. |
|
Is fairsing 's is
mór iad cruacha na hÉireann, |
bán chnoic Éireann
Ó; |
a cuid meala 'gus
uachtair ag gluaiseacht 'na slaoda |
ar bhán chnoic
Éireann Ó; |
rachaidh mé ar
cuairt nó is luath mo shaol |
don talamh bheag
shuairc sin is dual do Ghaeil |
's go mb'fhearra
liom ná duais dá uaisleacht é |
bheith ar
bhán chnoic Éireann Ó. |
|
Scaipeann an
drúcht ar gheamhar agus féar ann, |
ar
bhán chnoic Éireann Ó; |
is tagaid sin úlla
cumhra ar ghéag' ann, |
ar bhán chnoic
Éireann Ó; |
biolar agus samhadh
i ngleanntaibh ceo |
's na srotha sa
tSamhradh ag labhairt ar neoin |
is uisce na Siúire
ag brúcht 'na shló |
ar bhán chnoic
Éireann Ó |
|
Is oscailte
fáilteach an áit sin Éire, |
bán chnoic Éireann
Ó; |
agus toradh na
sláinte i mbarr na Déise |
i mbán chnoic
Éireann Ó |
ba bhinne na méara
ar théadaibh ceoil |
seinnim agus
géimneach a laogh 's a mbó, |
agus taithneamh na
gréine orthu, aosta 's óg,
|
ar bhán chnoic
Éireann Ó.
|
|