| DÚN CHROÍ
ÍOSA |
|
|
|
|
|
| Gile mo chroí do Chroí-se,
a Shlánathóir, |
| Is ciste mo chroí do
Chroí-se d'fháil im chomhair; |
| Ós follas gur líon do
Chroí dem ghrá-sa, a Stóir, |
| I gcochall mo chroí do
Chroí-se fág i gchomhad. |
|
|
|
|
| Ar fhulainingis trínn-ne, a
Rí ghil áird na gchomhacht, |
| Ní thigeann im smaointe a
shuíom ná a thrácht i gcóir, |
| 'S gur goradh-ghoin nimhe do
Chroí is do Chneá-sa, a Stóir, |
| Do bhrostaigh na mílte saoi
go sámh i gcoróin. |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|